logo 2011 words Gaeilge
President
 

 
Brian Ó Baoill
     

Brian Ó Baoill. Rugadh 1929, Bealach a’ Doirín, Ros Comáin.
Dochtúir ab ea a athair, múinteoir ceoil a mháthair. Bhí a athair ina Oifigeach Leighis i dTríú Rannán an Iarthair le linn Chogadh na nDubhchrónach agus sa Chogadh Cathartha Ar scoil i  gContae na Mí. Rinne sé cuid mhór dornálaíochta i Scoil Phádraig, An Uaimh. Bhí sé ag obair sa Bhanc Ibeirneach i mBaile Mhic Andáin, Co. Cill Chainnigh. Cháiligh mar chuntasóir. D’oibrigh le Unilever agus Plessey. Gníomhach sa Chonradh, ina Rúnaí air i Londain, agus sa Chumann Cabhrach. D’fhoilsigh bailiúchan d’amhráin Ghaeilge in 1957. Ceanada 1957.  Iniúchóir Inmheánach sa Rio Tinto Mining Company. Gníomhach sa Chumann Cabhrach i dToronto agus i dTuaisceart Ontario. Ar ais go hÉirinn 1960. Phós sé Beti Jones ón Bhreatain Bheag 1964. Triúr páistí, Ruairí, Niamh agus Dara. D’oibrigh mar Rúnaí ar Chomhdháil Naisiúnta na Gaeilge agus ansin ina Roinnbhainisteoir i nGael-Linn in 1969. Bhunaigh Slógadh agus Eachtra i nGael-Linn. D’fhoilsigh sé ‘An Bealach Rúnda’ (Leabhar agus caiséad) 1969 agus ‘Gairdín an tSonais’ (Leabhar agus dlúthdhiosca) 1998. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Scoil Neasáin,  Ráth Éannaigh, scoil lán-Ghaelach, 1971-1973.

 

D’Fhág sé Gael-linn 1973 agus chuaigh ag obair le Gaeltarra Éireann / Údarás na Gaeltachta. Bhog an chlann go dtí an Ghaeltacht, Gort a Choirce  agus ansin go dtí Cois Fharraige in 1975. Bhí sé gníomhach le Comharchumann Chois Fharraige agus, lena bhean Beti, le Club Óige Lurgan. Ghlac sé páirt sa bhFeachtas ar son Gaeilge ar an Teilifís agus chaith tréimhse i bpríosún sa bhliain 1985. Sa bhliain 2011, bhronn Oireachtas na Gaeilge Gradam Liteartha an Oireachtais air as a shaothar ar son na Gaeilge ar  feadh a shaoil i gcúrsai liteartha agus i mbealaí eile. Go dáta, 2016, tá ocht leabhar agus fiche foilsithe aige,.ina measc, úrscéalta, drámaí, drámaí le ceol,  leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus do dhéagóirí, filíocht, leabhair thaistil, agus aistriúcháin ón Bhreatnais. Tá ceithre cinn díobh ar ábhair Cheanadacha, Idir Huron agus Hudson, Gaistí Geilt, Na Donnghailigh Dhubha, agus An Taibhse Ghlas. Tá dhá scór duaiseanna liteartha bronnta ag Oireachtas na Gaeilge air agus bhain sé duaiseanna liteartha , i Mod na hAlbann agus in Oireachtas Gaeilge Cheanada. Tá sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge.