English
Moltóirí
 

Moltóirí:

Máirín Nic Dhonnchadha. As Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe, i gceartlár Ghaeltacht Chonamara í Máirín. Tá céim aici sa Ghaeilge agus sa stair ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá sí ag obair le hOireachtas na Gaeilge mar riarthóir ealaíne le deich mbliana anuas. Rinne sí ionadaíocht ar an Oireachtas ar Choiste Fhéile Idir-Cheilteach Lorient sa Bhriotáin ar feadh tréimhse de bhlianta agus is í ionadaí na hÉireann í ar an gComhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach.

Máirín Uí Chéide.  Rugadh i  Leitir Móir í, de shliocht fada filí agus amhránaithe.  Bhuaigh sí Corn Uí Riada roimh dul ar imirce go Bostún i 1986.  Tá sí ag múineadh na Gaeilge agus amhránaíocht ar an Sean Nós le fada.  Tá clár raidió ar WNTN as Gaeilge aici, achan Satharn mar chuid d’fhoireann “Sound of Erin”.  Chan sí amhráin d’Iar-Uachtarán Clinton agus uaisle ón gcoigríoch.

http://www.youtube.com/watch?v=C-QjheCm0nY

Labhrás Sonaí Choilm Learraí. Is fear é Labhrás a bhfuil craobhacha damhsa ar an sean-nós buaite aige agus duine atá thar a bheith eolach agus dílis don sean stil.  Is moltóir é leis “An Jig Gig”, an clár mór le rá TG4 a léiríonn oilteacht na rinceoirí traidisiúnta is fearr in Éirinn.

http://www.flickr.com/photos/tg4/5071561683/

https://www.youtube.com/watch?v=-uEDA5xBR5c

Mheaití Jó Shéamuis Ó Fátharta.  As na hAille i gConamara do Mheaití, amhránaí a bhfuil aithne go forleathan air i measc lucht an cheoil ar fud na tíre seo agus thar lear.  Is fonnadóir den scoth é.  Thug sé Corn Uí Riada leis i 2001.  Lena chois sin is ceoltóir sciliúil é ar an bpíb uilleann agus ar an bhfeadóg mhór.

http://www.youtube.com/watch?v=cbHt_IsGb_8

Liam Ó Maolaodha. Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge in Éirinn ó 1996.  Rugadh agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.  Is ball é de Choiste Éireannach  Festival Interceltique de Lorient agus cisteoir "Comhnasg", a bhaineann leis na healaíona traidisiúnta in Éirinn agus in Albain.  

http://www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/168/gaeilge/

Lorretta Ní Churraighín. Is as Teileann i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall, í Loretta ó dhúchas. Bhuaigh sí an comórtas scéalaíochta ag an Oireachtas agus í ina déagóir. D'fhreastail sí ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, áit a ndearna sí staidéar ar an nGaeilge agus ar Ghnó, agus chuaigh sí ar aghaidh chuig Ollscoil Uladh, Béal Feirste, ina dhiaidh sin chun leanúint le staidéar na Gaeilge. Bhí Loretta ina Bainisteoir Fógraíochta le Lá, an t-aon nuachtán laethúil Gaeilge a bhí sa tír ag an am, sular tháinig sí ag obair le hOireachtas na Gaeilge.

Ray Mac Manais. I mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Ray Mac Mánais ach tá a shaol múinteoireachta caite aige i mBaile Átha Cliath (príomhoide ar Ghaelscoil Míde). Anois bíonn sé ag léachtóireacht ar an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach in DIT agus ar an BSc i Léann an Oideachais in MIE. Tá mórán scríbhneoireachta déanta aige: scripteanna do chláir theilifíse ar RTÉ, BBC agus TG4; drámaí (cuid acu do Thaibhdhearc na Gaillimhe); agallamh beirte agus lúibíní. Bhronn Oireachtas na Gaeilge Gradam Oireachtais ar leith air as ucht a saothair i gcur chun cinn na n-agallamh fileata traidisiúnta. D'fheidhmigh sé mar mhúinteoir pearsanta d'Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus scríobh sé a beathaisnéis.

Nóra Welby. Is í Bainisteoir Náisiúnta Ghlór na nGael í Nóra Welby. Rugadh agus tógadh í i Ros Muc, Conamara.

Sinéad Ní Mheallaigh.Chaith Sinéad Ní Mheallaigh an bhliain seo chaite ag léachtóireacht i nGaeilge in Ollscoil Memorial i dTalamh an Éisc, Ceanada. Le linn na bliana sin d'eagraigh sí sraith scannáin, céilíthe, oícheanta Ghaelach agus tráthnónta spóirt chun cultúr na hÉireann agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Ar ais in Éirinn is múinteoir bunscoile í Sinéad a bhíonn ag múineadh in nGaelscoil De hÍde in Óranmór na Gaillimhe. Tá altanna scríofa aici don Irish Times, U magazine agus an Connacht Tribune. D’oibrigh sí ar chláir do TG4 ar nós Ros na Rún, Aifric, agus Pop 4. Chuir sí cláir raidió i láthair i nGaeilge chomh maith ar Raidió na Life (Baile Átha Cliath) agus Flirt Fm (OÉ, Gaillimh).


Cáit Ní Shiúrtáin. Rugadh agus tógadh sa Bhlárnan Cáit faoi scáth an chaisleáin i gcontae Chorcaí! Cháiligh sí mar bhunmhúinteoir i 2006 ó Choláiste Mhuire Gan Smál i Luimneach agus bhí sí ag múineadh ó shin i mbunscoil lán-Ghaeilge, Gaelscoil Mhuscraí sa Bhlárnan. I 2011 bhain sí Máistreacht amach i dTeagasc Teanga ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Stráitéisí a bhaineann le múineadh na Gaeilge go héifeachtach i measc na ndaltaí bunscoile a bhí á iniúchadh aici. Tháinig sí go Ceanada i mí Lúnasa 2015 chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Ottawa don bhliain agus ag na ranganna 'Caint & Comhrá'. Beidh mé in Ottawa bliain amháin eile ag múineadh agus fillidh sí ar an scoil sa Bhlárnan i mí Mheáin Fómhair 2017.

Siobhán Ní Mhaolagáin Siobhán Ní Mhaolagáin: Rugadh agus tógadh Siobhán i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus Ceol ó COBÁC mar aon le Máistreacht i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. Is ceoltóir í agus an-suim aici sa cheol traidisiúnta. D’oibrigh sí mar Cúntóir Teanglainne i gCOBÁC. Bhain sí scoláireacht Fulbright amach sa bhliain 2010 agus bhí sí mar FLTA i Nua Eabhrac. Bhain sí cáilaíocht amach sa mhéanmhúinteoireacht sa bhliain 2013. Tháinig sí go Montreal i mí Lúnasa 2015 agus tá sí ag teagasc in Ollscoil Concordia. Beidh Siobhán ag fanacht bliain eile ag teagasc na Gaeilge i Montreal.